musicas.mus.br

Letras de músicas - letra de música - letra da música - letras e cifras - letras traduzidas - letra traduzida - lyrics - paroles - lyric - canciones - SADHBH Ní BHRUINNEALLAIGH - CELTIC WOMAN - música e letra

Utilize o abecedário abaixo para abrir as páginas de letras dos artistas

A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Sadhbh Ní Bhruinneallaigh letra


Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla
Ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní

Curfá
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom

Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh
Fear sluaisid’ is láí ar dhá cheann an iomaire

Máistir báid mhóir mé a’ gabháil ród na Gaillimhe
D’fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige

Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad
Nuair a fhaigheann siad an chóir ‘sé is dóichí nach bhfanann siad

Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla

Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille

Nuair a théimse ‘un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm

Nuair a thiocfas lá breá ‘gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe

Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!

Celtic Woman - Letras

top 30 músicas

©2003 - 2024 - musicas.mus.br